Nodanna Díola agus Ceannaigh
POINTÍ LE CUR SAN ÁIREAMH AGUS TÚ AG CEANNACH TÍ
- Is é an suíomh an príomhrud atá i gceist maidir le teach a cheannach. Coimeádfaidh teach i gceantar maith a luach agus de ghnáth bainfidh tú taitneamh níos fearr as an am i do bhaile dá bharr sin.
- Is féidir le duine margadh níos fearr a dhéanamh má tá a chúrsaí airgid in ord aige agus muna bhfuil a theach i slabhra díolacháin.
- Faigh amach an bhfuil aon dleacht stampa le híoc ar an teach agus cuir na costais seo san áireamh.
- Caithfidh gach duine atá ag díol a thí féin, agus ceann nua roghnaithe aige cheana féin, a bheith réadúil maidir le luach a thí ar an margadh. Ní mheallann teach ceannaitheoirí má bhíonn an luacháil ró-ard.
- Má cheapann tú go mbeidh níos mó spáis uait sa todhchaí, bí cinnte go ligfidh an teach agus/nó an suíomh duit cur le méid an fhoirgnimh agus faigh amach an mbeidh cead pleanála de dhíth ort.
- Ionas nach mbeidh gnéithe gach tí meascaithe suas agat bí ullamh le haghaidh gach teach a bhfhéachfaidh tú air agus tabhair liosta seiceála leat.
- Má tá a fhios agat go mbeidh ort an teach a dhíol arís, ná ceannaigh teach neamhghnách. Tóg na háiseanna aitiúla san áireamh. Cé gur cuma leat an sórt scoile nó ceantar atá ann, cuimhnigh go mb'fhéidir go mbeidh sé tábhachtach do cheannaitheoir eile.
- Tabhair aird ar phleananna na n-urlár - d'fhéadfadh sé bheith costasach athruithe a dhéanamh ar leagan amach na seomraí níos déanaí.
- Cosnaíonn sé níos lú airgid teach a théamh má tá sé i suíomh maith chun tairbhe a bhaint as an ngrian. Is féidir leat go leor airgid a shabháil ar do bhillí teasa thar na blianta dá bharr sin.
- Má cheannaíonn tú teach i stíl neamhghnách is cosúil go ndéanfaidh sé sin níos mó dochair dá luach athdhíolacháin ná a mhalairt.
- Faigh amach i scríbhínn cad atá agus nach bhfuil san áireamh sa phraghas díolacháin. Cuirfidh roinnt díoltóirí brait úrlár, cuirtíní, earraí bána is araile isteach sa phraghas, ach ní hé sin an cás i gconaí.
- I gcás tí nua atá á dhíol ag tógálaí trí mheán ceantálaí, tá sé tabhachtach a fháil amach cad iad na liúntais atá istigh sa phragas, cur i gcás, leagan na leacán, peinteáil, cóir shlaintíochta agus obair lasmuigh den teach.
- Ba cheart duit a mheas cad é an cineál seirbhíse a sholathraíonn do cheantálaí agus a oifig tar éis an mhargaidh - seachas an fógra 'Margadh Socraithe' a chur suas.
- Iarr ar do cheantálaí coimeád i dteagmháil leat, chomh maith leis an díoltóir agus na dlíodóirí chun a chinntiú go dtéann an margadh socraithe ar aghaidh go dtí an deireadh.
- Faigh amach go deimhin na costais tíolacais agus aon chostas breise eile a bhaineann le ceannach an tí.
- Cuir an comhlacht iompair in áirithe tamall maith roimh ré - bí cinnte faoi na seirbhísí a chuireann siad ar fáil (árachas, pacáil, .srl)
Is corraitheach an gnó é teach a cheannach. Ach ar an drochuair bíonn a lán struis ag baint leis go minic. Ullmhaigh plean agus coimeád leis. Tabhair aird ar na pointí thuasluaite agus tá gach uile dhóchas ann go gcabhróidh siad leat chun teach do bhrionglóidí a cheannach.
DEICH NOD A CHABHRÓIDH LEAT CHUN DO THEACH A DHÍOL
- Caithfidh tú do theach a thaispeáint i gceart ionas go dtaitneoidh sé leis an réimse is leithne ceannaitheoirí. Is an aidhm go mbeidh siad ag samhlú faoi bheith ag maireachtáil ann chomh luath is a shiúlann siad isteach.
- Glan suas an tranglam. Is éasca gan aird cheart a thabhairt ar an mbruscar a bhailíonn i ngach teach. Bíonn cuma níos lú ar na seomraí dá bharr sin agus ní chuidíonn an iomhá go léir le ceannaitheoirí a mhealladh. Cuir in ord agus in eagar do chuid pictiúirí agus leabhair. Muna bhfuil an spás agat do na rudaí nach bhfuil chomh pearsanta duit tóg an chuid is mó díobh go dtí an ionad dúmpála.
- Glan gach rud ó bhun go barr. Cuireann sé sin níos mó le luach an tí ná aon ní eile. Is í an chistin agus an seomra folctha na cinn is tabhachtaí ach ná déan dearmad ar na seomraí eile. Glan an deannach ar fad de gach uile rud i do sheilbh.
- Bí cinnte go bhfuil fáilteacht agus teas ag baint le gach slí isteach agus iad saor ó thranglam. Cuir potaí plándaí ar an dá thaobh den chosán go dtí an doras. Bí cinnte go n-osclaíonn na doirse i gceart agus nach bhfuil buataisí nó cótaí ag cur bac ar a slí. Deimhnigh nach bhfuil aon ní den troscán ag cur coisc ar oscailt nó dúnadh aon cheann de na doirse sa teach.
- Ní bheidh gach ábhar ceannaitheora in ann iad féin a shamhlú ag maireachtáil i do bhaile má tá do bhallaí ró-gheal, ró-mhaisithe nó fiú amháin gránna féin. Cuir péint i ndathanna eadtroma, neodracha orthu. Is féidir leat dathanna láidre a tharraingt isteach le rudaí cosúil le súsaí, cúisíní agus bláthanna.
- Is féidir leat difríocht an domhain a dhéanamh do slí isteach dorcha le cabhair ó scáthán crochtha san áit chuí. Má chuirtear go cúramach é san ionad ceart cruthóidh sé spás agus bainfidh sé an tairbhe is fearr ó cibé sólas atá le fáil. Cinntigh go bhfuil sé crochta ar ard do shúile.
- Déan gach jab beag timpeall an tí a bhí ar intinn agat a chríochnú i gcónaí. Muna bhfuil fhios agat cad tá ar bun agat faigh duine a bhfuil an t-eolas aige. Tugtar cuma an fháilí do do theach le rudaí cosúil le laistí briste ar fhuinneoga, clog ar an doras tosaigh nach bhfuil ag obair nó seilfeanna leathchríochnaithe. De bharr sin is cosúil go gceapfaidh ábhar ceannaitheora go bhfuil rudaí i bhfad níos measa cearr leis an teach.
- Cinntigh go bhfuil feidhm agus úsáid deimhin ag gach seomra. Lig ort go bhfuil seomra bia ceart agat le bréagáin agus obair bhaile na leanaí a ghlanadh amach. D'fhéadfadh an tríú seomra codlata bheith ina sheomra codlata, seomra staidéir nó seomra feistis ach gan bheith ina dtrí cinn ag an am céanna. Cuir córas i bhfeidhm le haghaidh rudaí a stóráil ionas nach gcuireann siad isteach ar úsáid na seomraí.
- Bíonn tionchar ró-láidir i seomra ag cairpéid dorcha nó ró-mhaisithe agus tugann sé cuma níos lú dó. Caith amach seanchairpéidí nó iad sin atá caite nó salach. Cé gur cosúil gur costas gan caoi é seo, cuirfidh sé le cuma an tseomra agus ní bheidh ceannaitheoirí ag smaoineamh faoi gcostas breise a bheidh ag baint le cinn nua a fháil dóibh féin.
- Bí crua agus tú ag deileáil le do chuid peataí tí. Is fusa taithí a bheith agat ar a mboladh - iarr ar chara bheith ionraic glan leat. An bhfuil boladh i do theach? Roimh gach féachaint ruaig an drochbholadh agus díbir na peataí go teach do charad sula dtaispeánann tú do theach. Faigh réidh le gruaig na bpeataí - bain úsáid as an scuab agus an folúsghlantóir go dtí go bhfuil sí imithe.