Faoiseamh Cánach le haghaidh Athnuachan Tuaithe

Stádas i 2007

Tá tithe nua fós á ndíol againn a cháilíonn don scéim seo a leanas mar fuarthas cead pleanála dóibh roimh dheireadh 2006.

Faoiseamh Cánach le haghaidh Tithe Cónaithe

Úinéir-Áititheoir:
Tá faoiseamh cánach le fáil do dhaoine maidir le costas tógála/athchóirithe caite ar tithe cónaithe áirithe i gceantair cháilithe thuaithe. Tá asbhaint de 5% le fáil ar mhaithe le caiteachas tógála agus 10% le fáil ar mhaithe le caiteachas athchóirithe. Caithfidh duine a bheith ina chonaí i dteach mar a p(h)ríomhbhaile le haghaidh 10 mbliana ionas nach mbeidh air cuid den fhaoiseamh a thabhairt ar ais.

Sampla d'Úinéir-Áititheoir

Costas an Tí
€260,000.00
Méid Cáilithe don Fhaoiseamh Úineirí-Áititheoirí
€210,000.00
Ráta Faoisimh de 5% sa bhliain (ar feadh 10 mbliana)
€10,500.00 s.b
 
Ag 42% cáin sábháilte sa bhliain
€4410.00
Cáin Sábháilte sa mhí
€368.00
 
Do Lanúin an bheirt acu ar ráta cánach 42%:  
 
90% Morgáiste
€234,000.00
Aisíoc comhlán míosúil thar 35 bliain
€973.00
Lúide faoiseamh i leith úis morgáiste
€115.00
Aisíoc míosúil glan
€858.00
Lúide Cáin Sábháilte gach mí
€368.00
 
Costas glan sa mhí
€490.00

 

 

 

 

 

 

 

 

Infheisteoirí:
Tá faoiseamh cánach le fáil ag infheisteoirí atá i mbun tithe cónaithe áirithe a chur ar fáil sna ceantair cáilithe tuaithe. Tá faoiseamh le fáil chomh maith le haghaidh caiteachas íoctha ar athrucháin/athchóiriú ar fhoirgnimh áirithe chun iad a athrú go tithe conaithe.

Ionas nach mbeidh ar infheisteoirí cuid den fhaoiseamh a chailliúint caithfidh an teach a bheith ligthe amach ar cíos ar feadh tréimhse 10 mbliana, gan tréimhsí folamha a chur san áireamh. Caithfidh léasanna a bheith trí mhí ar a laghadh agus ní foláir don teach bheith mar an t-aon bhaile atá ag an tionónta ar feadh tréimshe an léasa.

Sampla den Fhaoiseamh Cánach do Thithe Cónaithe ar Cíos

Costas an Tí
€260,000.00
 
Faoiseamh Cánach do Thithe Cónaithe ar Cíos
€210,000.00.
Ioncam Cíosa ón teach (lúide caiteachas) sa bhliain
€7000.00
Ioncam cíosa eile in Eirinn m.s. talamh (lúide caiteachas)
€3000.00
Faoiseamh a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad bhliain eile.
€200,000.00


 

 

 

 

Íoslódáil Bróisiúir don Scéim Athnuachán Tuaithe

Cé a ghnóthóidh?
Ón bhfaoiseamh cánach:
Infheisteoirí i bhfoirgnimh tionscail agus tráchtála chomh maith le tithe cónaithe a cháilíonn don scéim. Tiarnaí talún sna ceantair ainmnithe tuaithe. Úinéir-Áititheoirí de títhe cónaithe áirithe sna ceantaír ainmnithe tuaithe.

Ón scéim go ginearálta:
Pobal na mbailte sna ceantair ainmnithe ón athnuachan tuaithe agus an infheistíocht dá bharr sin. Cabhróidh sé le fostaíocht i gceantair áirithe in Éirinn a mhéadú agus a spreagadh.

Cé na ceantair atá cáilithe?
38 ceantar i gContae an Chabháin
Contae Liatroma ar fad
Contae Longfoirt ar fad
77 ceantar i gContae Ros Comáin
35 ceantar i gContae Shligigh

Cathain a bheidh na liúntais i bhfeidhm?
Faoiseamh cánach le haghaidh Gnóthaí (Forgnimh Tionsclaíochta agus Aitribh Tráchtála). Beidh liúntais i bhfeidhm i gcás caiteachais cáilithe san tréimhse ón 1 Iúil 1999 go dtí 31 Nollaig 2006.

Infheisteoirí:
Tá an asbhaint i bhfeidhm maidir le caiteachas cáilithe íoctha sa tréimhse ó 1 Meitheamh 1998 go dtí 31 Nollaig 2006.

Úinéir-Áititheoir:
Tá an faoiseamh le fáil maidir le caiteachas cáilithe íoctha sa tréimhse ón 6ú Áibréain go dtí an 31 Nollaig 2006.

Fadú don Scéim Athnuachan Tuaithe
Tá fad curtha ag an Rialtas leis an scéim go dtí an 31 Nollaig 2006 ag cur níos mó ama ar fáil do thithe cáilíochta a bhaint amach. Cuireadh an scéim ar bhun ionas go bhfeabhsófaí an staid eacnamaíochta agus sóisialta sna ceantair ainmnithe le linn na tréimhse píolóta. Tá cuid mhaith de na tithe atá idir lámha againn páirteach sa Scéim Athnuachan Tuaithe. Faigh amach ó do Chomhairleoir Neamhspléach Airgeadais an chaoi inar féidir leis an scéim cabhrú leat. Tá sonraí breise le fáil ó http://www.revenue.ie/services/urban_rural.htm